School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bheannuigh mé isteach ins an leabaidh seo i n-ainm Mhic Dé, diúltaidhe na n-olc.
Bheirim mé féin suas do'n triúr is fearr an t-Athair, An Mac, agus an Spiorad Naomh.
Tá ceithre haingle dom fhaire.
Má fhaghaim-se bás as seo go maidin
i bhFlaitheas Dé go raibh m'anam.
Ó, a Íos, déan trócaire orm.
Gheobhaidh mé bás - níl a fhios agam cé'n am, cé'n áit, cé'n uair ná cé'n chaoi.
Má fhaghaim-se bás i bpeacadh marbhthach tá mé caillte go deo. A Íosa déan trócaire orm.
Teachtaire ó Dhia againn
Cuairt a aingil ós ár gcionn
Dia bheannuighthe ar ár gcolainn
Dia romhainn agus Dia linnI ngáirdín Parrthas bhí an paidrín páirteach ag moladh na mná a bhí riamh gan locht is a h-aon mhic. A mhuire is a Rí na nGrásta is go dtugaidh Dia cáirde do'n anam bocht. Croiste agus cáirde agus grásta ó dhia againn tabhair gach lá is é tá muid ag iarraidh sacraiméid na h-Aithridhe is go neartuighidh Dia sinn is guidhimíd ár n-anamna ort a Mhuire Bhan Tighearna- Collector
- Liam Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Dubhagáin
- Gender
- Male