School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Claregalway, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 0261 Forward
Resolution: Low | High
Seanphaidreacha

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0154

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá go leor sean-phaidreacha ag na daoine thart annseo. Nuair a dhéanas duine sreabhfair ba cheart di dhuine a rádh. "Dia agus Muire agus do shláinte leat"
Nuair a casta socraid ar dhuine ba cheart don dhuine a rádh "Beannacht Dé le n-a anam agus trí coiscéime do shiubhal indiaidh na comhrá. Tá sean-phaidir ag cuid de na daoinibh le rádh nuair a bhíos duine tinn agus muna rachadh duine amugha ins an bpaidir d'éireóchadh an duine tinn as agus dá dtéigheadh sé amugha ins an bpaidir do caillfidhe an duine. Tá sean-phaidir ag na daoine le rádh nuair a bhíos siad ag coigilt na teine. "Coigileann mise an teine seo mar choigil Críost cáidh, Muire in-a bun agus Brighid i n-a barr go gcoiglfidh mise an teine seo go teacht an lae"
Nuair a bhíos duine ag dul ar thuras deireann muinntir an tighe leis go dtugaidh Dia slán abhaile thú".

Collector
Maoilsheachlann Ó Nuadhain
Gender
male
Address
Lakeview, Co. Galway
Informant
Seaghán Ó Nuadhain
Relation
parent
Gender
male
Address
Lakeview, Co. Galway
Language
Irish