School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0144
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí naomh mór i mBaile Cláir fadó agus bhí triúr fear oibre aige.”
Bhí naomh mór i mBaile Cláir fadó agus bhí triúr fear oibre aige. Ní raibh aon tslighe beatha aige ach gort féir a bhí in-aice an chaisleáin aige. Nuair a bhí an Foghmhar ann dubhairt an Naomh le na fearaibh a dhul amach agus am féar a bhaint. Dubhairt siad nach dtiocfadh mar gur gearr go dtiochfhadh sé ag báisteach. Dubhairt sé leo dhul amach. Chuaidh siad amach ach ní túisge a bhí siad amuigh agus cuid d'en fhéar bainte aca ná thosuigh sé ag báisteach. Thóg an Naomh leabhar beag amach as a phóca agus thosuigh sé ag guidhe. Bhí sé ag báisteach thart timcheall ar an bpáirc mar bheadh sé as béal soithigh go raibh an féar bainte aca acjt níor thuit aon bhraon báistighe ar an bhféar go raibh sé sáibháilte aca.- Informant
- Máirtín Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
(no title)
“Dubhairt an Mhaighdean Mhuire nuair a bhí Íosa Críost san máinséar gur...”
Dubhairt an Mhaighdean Mhuire nuair a bhí Íosa Críost san máinséar gur
Fear mín agus bean bhorb
A d'fhág Mac Dé 'n-A luighe sa gcolg.