School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0140
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear sanntach ann uair amháin.

    Bhí fear sanntach ann uair amháín. Bhí sé comh sanntach sin nach gcuirfeadh sé an tairgead sa mbannc ar fhaithchíos go ngidfidhe é. Lá amháin dubhairt sé leis féin go ndéanfadh sé poll faoi bhun sgeiche agus go gcuirfeadh sé a chuid airgid isteach i bpota agus go gcuirfeadh sé an pota isteach san bpoll agus go gcuirfeadh sé leac os a chionn. Bhí gadaidhe ag teacht treasna na páirce agus chonnaic sé an fear agus an pota aige. Do luighe an gadaidhe faoi sgeith agus chonnaic s an fear ag imtheacht ón sgeich agus tháinig an gadaidhe amach agus do rith sé go dtí an áit ar chuir an fear an pota óir. Do thóg sé an pota as an talamh agus d'imthigh sé leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghán Mac Ualtain
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Gort Chluain Mór, Co. Galway
  2. (no title)

    Bhí fear ann fadó dár b'ainm Pádhraig a bhí ag dul go dtí Co Mhuigheó ag iarraidh oibre.

    Bhí fear ann fadó dár b'ainm Pádhraig a bhí ag dul go dtí Co Mhuigheó ag iarraidh oibre. Nuair a bhí sé ag dul thar mhóin chonnaic sé fear marbh shíos i bpoll móna. Chonnaic Pádraig go raibh péire bróga nuadh air afus ghearr sé na cosa de'n fhear. Annsin do chir sé na cosa agus na bróga isteach ina mhála agus d'imthigh sé leis. Ar tuitim na h-oidhche tháinig sé go dtí teach feilme. D'iarr sé lóisdín na hoidhche ar fjear an tighe agus nuair a chuaidh sé isteach ins an gcistineach chonnaic sé go raibh beithidhigh ceangailte istigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.