School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0134
  3. XML “Scéal fá Chiste”
  4. XML “Scéal fá Chiste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag brionglóid go raibh pota óir thíos faoi an talamh in-aice le caisleán i gceann cúpla oidhvhe na dhiaidh sin chuaidh sé féin agus fear eile ag cuartú an phota óir acht ní bhfuair siad é. BHí an brionglóid céadna aige i gceann cúpla oidhche ina dhiaidh sin. An oidhche ina dhiaidh sin chuaidh siad ag cuartú arís agus chonnaic siad an pota óir fá lic mhóír. Go díreach agus iad ag dul gá tógáil chuala siad torann slabhraí ag teacht. Cheap siad gur b'é an diabhal a bhí ann agus rith siad agus d'fhág siad an pota óir annsin agus nuair tháinig siad arís bhí an pota imthighthe as ag duine eicínt eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé an-bhocht. Lá amháin chonnaic sé long a raibh beithidhigh uirthe ag dul go tír eile agus chuaidh sé isteach uirthe agus dimthigh an long agus nuair a bhí an long leath-bhealaigh chonnaic an caiptín é agus chaith sé amach as an luing é agus snámh sé ina dhiaidh agus nuair a bhí sé tamaill ag snámh chonnaic an Caiptín é. Nuair a tháinig siad go talamh leig sé amach é agus d'imthig leis. Ní raibh séi bhfad ag siubhal le bruach an chuain gur casadh fear air agus dubhairt sé go scoithfeadh sé ag snámh é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway