Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0133
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Bhí sé amuich go deirneach oidche amháin agus chuala sé mar bheadh duine ag cainnt leis agus d'éist sé. Do labhair an duine arís agus dubhairt sé leis an bhfear dul go dtí cnoc a bhí in -aice na h-áite agus go raibh pota-óir istigh sa gcnoc. Chuaidh dé go dtí an cnoch agus chonnaic sé doras beag ag bun an chnuic agus chuaidh sé isteach sa doras agus chonnaic sé go leor óir istigh ann. Aon uair ar theastuigh óir uaidh chuaidh sé go dtí an cnoc agus fuair sé an t-ór agus bhí sé saidhbhir go dtí deire a shaoghail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag fiadhach. Lá amháin bhí sé amuigh ag fiadhach ahus bhí na h-urchair ar fad caithte aige. Annsin chuaidh sé go dtí abhainn a bhí in aice na h-áite agus chonnaic sé bradán mór amuigh san uisce agus ní raibh aon urchar aige. Ní raibh fhios céard a dhéanfadh sé. Bhí sgeach gheal in aice leis agus bhí sgeachthóirí air. Chuaidh sé go dtí an sgeach gheal agus bhain sé chuid de na sgeachthóiribh dí, agus chuir se isteach sa ngunna iad agus chaith sé leis an mbradán iad agus chuaidh ceann de na sgeachthóiribh isteach idtaobh an bhradáin acht d'imthig sé. Bliadhain ó'n lá sin bhí an fear ag dul thart san áit céadna arís agus chonnaic sé an bradán agus bhí sgeach ag fás aníos as.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Goill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Seoladh
    Baile Chláir, Co. Galway