School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Claregalway, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 0261 Forward
Resolution: Low | High
Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0132

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann uair amháin darbh ainm Páid Ó Cheallaigh agus bhí sé ina chomhnuidhe i gConamara. Bhí se ag brionglóid oidhche amháin go raibh pota óir faooi dhroichead amuigh i Lonndon. D'éirigh sé go moch maidin lae ar na bháireach agus chuaidh sé go London. Bhí sé ag siubhal go dtáinig sé go dtí an droichead agus sheas sé suas air. Tháinig fear chuige agus dubhairt sé leis go raibh pota óir faoi chrann a bhí ag fás ar thalamh Pháid Uí Cheallaigh. Chuaidh Páid abhaile agus thosaigh sé ag romhar. Nuair a bhí an crann bainte aige fuair sé an t-ór agus bhí sé saidhbhir ar feadh a shaoghal.

Nuair a bhí na saor-chlocha ag déanamh Mainistir Bhaile Cláir bhí an Gobán Saor ag obair ann. Ní raibh aon mheas ag na saoir eile air mar cheapadar gur amadán a bhí ann. Lá nuair a bhí siad ag dul ag ithe a ndinnéar thug siad cloch mhór dó agus dubhairt siad leis cat is dá ruball air a dhéanamh aiste. Acht nuair a tháinig siad amach bhí an cat is dá ruball air déanta aige. Nuair a chonnaic siad sin bhailigh siad a gcuid rudaú le chéile agus d'fhág siad ag an nGobán-Saor le dhéanamh é. Rinne sé sa mbliadhain 1290 é.

Informant
Seaghán Ó Cuinn
Gender
male
Age
82
Address
Cregboy, Co. Galway
Language
Irish