School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0130
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San sean-aimsir bhí fear ina chomhnuidhe i gCathair Ghabhann agus bhí mála airgid aige. Chuir sé cuid de'n airgead i bhfolach i leachtán cloch. Bhí fear ag féachaint air agus tháinig an fear san oidhche agus ghoid sé é. Cúpla lá i na dhiaidh sin d'fhiafruigh sé de'n fhear ar chuir sé a chuid airgid i bhfolach agus dubhairt sé gur chuir sé cuid de agus dubhairt an gaduidhe leis féin go mba mhaith an rud dó féin an t-airgead a ghoid sé uaidh a chur san áit céadhna agus chuir agus an oidhche sin chuaidh an fear eile go dtí an leachtán cloch agus thug sé an t-airgead go léi abhaile leis. Nuair a tháinig an gaduidhe ní raibh aon airgead le fágháil aige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Chuaidh siad-san an clochán agus chuaidh mise an casán, Báthadh iad san. Tháinig mise slán.
    San t-sean aimsir bhí fear ina chomhnuidhe i dTumna Fola. Lá amháin bhualadh suas tinn é agus bhíodh a bhean ag guidhe chun Dé é a leigheas. B'fhearr leithe an tineas a theacht uirthe féin agus a fear a leigheas agus leighiseadh an fear agus bualadh suas tinn í an lá ina dhiaidh sin. Phioc an fear an coileach agus chuir sé isteach san seomra ina raibh an bhean é agus shíl an bhean gurbhé an bás a bhí ag teacht chuiche agus dubhairt sí leis dul ag an bhfear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Padraig Ó Flaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Cathair Ghabhann, Co. Galway