School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a tháinig an té go h-Éirinn ar dtús bhíodh an-trácht air. Chuaidh beirt fhear as Conndae na Gaillimhe go Baile Átha Cliath. "Tá sé chomh maith dúinn deoch té a bheith againn" arsa duine aca. "Is cuma liom" arsa an fear eile. Chuaidh siad isteach idteach bidh. "Deoch té atá uainn a bhean chóir" ar siadsan. Dubhairt sí leo i mBéarla a dhul ag an mbord agus suidhe. Tar éis tamaill thug sí isteach chucu dá chupán té agus dubhairt "here is your tea, gentlemen" ar sise "and it is the Congo ceart" Thaithnigh sé chomh maith leo agus d'orduigh siad dhá chupán eile. Dhóirt sí amach dhá chupán eile aca agus dubhairt "sweeten to your liking". Níor chuir siad siúcra ná bainne air. Bhlas siad de agus d'fhéach siad ar a chéile. Chraith feara aca a chloigeann agus dubhairt. "Mo ghrádh go deó an Congo té acht tugann mise mo mhallacht ar "sweeten to your likeness"
- Informant
- Padraig Mac Goill
- Gender
- Male
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway