School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0125
  3. XML “Scéal fá Chiste”
  4. XML “An Fáth nach dTéann Fíodóir go hIfreann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-fhear sa tír seo fadó. Bhí go leor airgid aige. Ní raibh a fhios ag na daoine cá raibh an t-airgead. Bhíodh siad ag cuartughadh go leor áiteacha ach ní raibh sé le fagháil aca. Fuair an fear seo bás agus bhíodh go leor sídheóga sa teach. An oidhche seo chuaidh fear a chodhladh sa teach agus ag a dó a chlog san oidhche dhúisuigh ceann de na sidheóga é agus rug sé ar láimh an fhir agus thug sé go dtí an teallach é. D'árduigh sé aníos an leach agus b'shin í an áit a raibh an t-airgead. Thug sé an t-airgead do'n fhear agus bhí sé saidhbhir go deo arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
      2. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ó Dubhagháin
    Gender
    Male
    Age
    44
    Address
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
  2. An fáth nach dtéigheann figheadóir go h-Ifreann. Bhí figheadóir ann uair amháin agus an rud dhéarfadh sé uair do dhéanfadh sé ficheadh uair é. Nuair a fuair an figheadóir seo bás chuaidh sé go geata ifrinn. "Cé tá annsin" ars an diabhal. "Is fighe- fighe- fighe-..... figheadóír". "Ó níl acht do'n oiread sin figheadóiribh annseo ars" an diabhal. "Bíodh sibh ag imtheacht". Sin é an fáth nach dtéigheann a figheadóir go h-ifreann
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.