School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0123
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Fionn mac Cumhaill agus na Fianna agus Oisín ag fiadhach lá i gCo Ciarraighe. Chonnaiceadar bean ag marcaidheacht ar chapall ag teacht faoi na ndéin agus bhí sí gléasta go breagh. Do labhair sí le h-Oisín agus dubhairt sí leis gur chuir a h-athair i n-a choinne í. Chuaidh Oisín ag marcaidheacht ar an gcapall bán agus d'imthigheadar leobhtha go Tír na n-Óg. Bhí saoghal breagh aige i dTír na n-Óg agus níor éirigh sé níos sine ná bhí sé an lá a d'imthigh sé. Nuair a bhí sé trí chéad bliadhan i dTír na n-Óg dubhairt sé le hinghin an ríogh go mba mhaith leis dhul go h-Éireann go bhfeiceadh sé a athair agus a cháirde. Níor mhaith leithe é leigint ann i dtosach ach tar éis sgaithimh leig sí dhó imtheacht acht dubhairt sí leis gan a chos a leagaint ar thalamh na h-Éireann nó dá ndéanadh go n-éireochadh sé an-sean.
    Annsin thug sí an capall dó agus thainic sé go h-Éirinn. Bhí iongantas mór air nuair a tháinic sí go h-Éirinn ar fheiceáil dó go raibh na coillte móra gearrtha anuas agus an talamh saothruighthe i n- áit. Na daoine a bhí ag obair ins na páirceannaibh cheap sé go raibh siad an-bheag i gcomórtas leis na daoine a bhí ann le n-a shaoghal-se. Bhí sé ag imtheacht leis go dtainic sé go Blá Cliath agus chonnaic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghán Ó Nuadhain
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Droim na Gaoithe, Co. Galway