School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0121
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Aodh Ó Dubhagáin. Bhíodh sé ag imtheacht i n-éindigh leis na sídheóga in-gach uile áit agus bhí cumhacht chomh mór ag Aodh is bhí ag na sidheóga. Chuaidh Aodh go Conndae an Ríogh in-éindigh leis na sidheógaibh i gcoinne mná uaisle agus dubhairt na sidheóga le h-Aodhh dá ndéanfadh an bhean uasal sréabhfhairt gan í a fhreagairt agus go mbeadh an bhean uasal ag teacht abhaile aca. Níor bhfhada dóibh ann go ndéarna an bhean uasal sréabhfairt agus dubhairt Aodh "Dia agus Muire agus do shláine leat". Bhí fearg mhór ar na sidheógaibh. Rugadar ar Aodh agus bhuaileadar a sáith air. D'imthig na sidheóg agus Aodh i gcoinne na mná uaisle agus thugadar abhaile leo í go Cnocán Droighnín mar is aann a bhíodar i n-a gcomhnuighe. Dubhairt Aodh go raibh sí saothruighthe aige féin comh maith beobhsan agus thug sé abhaile leis í siar go Cathair Gamhainn. Ní raibh aon chainnt ag an mnaoi annsin acht chuaidh Aodh soir go Cnocán Droighnín in-áit a mbíodh na sidheóga leis an ag rádh leis am gcuid eile go raibh buirán suain i na gruaig ar chúl a chinn. D'imthig Aodh abhaile annsin agus tharraing sé an biorán suain a bhí i na gruaig agus bhí aice comh maith is bhí arriamh. Bhí bó annsin aige agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Ó Nuadhain
    Gender
    Male
    Age
    c. 72
    Address
    Droim na Gaoithe, Co. Galway