School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leor ainmhidhe againn sa mbaile. Tá bó againn agus bíonn sí sí ag géimhneach. Bíonn laoigh aici gac bliadhain "Maol" an t-ainm atá uirrí.
Bhí pisreóga ag na sean-daoine fadó i dtaobh bainne. Ní tiubhradh siad braon bainne uatha lá Béaltaine. Bhí daoine indon an t-im do ghoid ó'n a chéile. Bhí cineál Sídheóga indon inseacht díobhtha cé ghoid é. Seo iad na h-ainmhneacha a bhí ar cuid aca "Biddy Early" Máire Stundún agus Máriían Ní Cuillín. Bhí siad in a gcomhnuidhe i sleibhte i Co. an Cláir. Nuair a rachadh daoiné cuca chun leigheas d'fághail thiubhradh siad buidéal dóibh agus dearaidís leo gan an buidéal a leigint ar claidhe na staighre go dtiubhradh siad abhaile é agus é a thabhairt dó'n bhó agus bhéad an t-im arís aca. Nó dá mbheadh duine tinn agus é a thabhairt dhó bheadh biseach air.
Bíonn an bó istigh sa gcró againn san aoidche. [Mairtín Mac Giollarnaigh, Cathaoir Goleann, Baile Cláir na Gaillmhe, aois 60]
Tá go leor ainmhidhe againn sa mbaile. Tá dhá chapall(continues on next page)- Informant
- Mairtín Mac Giollarnaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Cathair Ghabhann, Co. Galway
- Informant
- Micheal O Maoldomnaig
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway