School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)roinnt de freisin. Nuair a bhí sé ar fad olt. [!] Ára céard faoí an sinnseáil a Thomáis? "Tá do chuid féin ólta agat" adeir Tomás.
Bheil a Thomáis adeir sí pighinn de mo chuid airgid ní bhéarfaidh tú air arís go bráth a rógaire shalach.
2 Bhí beirt táiliúir ann fadó. Bíod siad ag déanamh táillúireact ins na thíghthe an t-am sin. Nuair a bhíod an sisúir ag teastáil ó cheann acu bhualadh sé ar an mbord le na mhéireachán. Bheadh a fhios ag an gceann eile céard a bheadh ag teastáil uaidh. An lá seo bhí siad ag tailliúireacht i dteach. Dubhairt an tailliúir eile go raibh an ceann eile ar buile agus nuair a bhuaileadh sé ar an mbord le na mhéarachán buicéid uisce a bhead reid aice agus e a chaitheadh ar a ceann. Bhí sí ag fanacht go mbuailfeadh sé ar an mbord. Ar deire bhuail. Rug sí ar an mbuicéid agus chaith sí leis é. Rith an tailliúir eile leis. Bhí fearg ar an gceann a fliucheadh agus rith sé in a dhiaidh ach níor rug sé air.- Informant
- Micheál Ó Maoldhomhaigh
- Gender
- Male
- Age
- c. 52
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway