Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Tá caisléan tuairim is dhá mhíle ón áit seo. Caisleán Baile an Mhurchada an t-ainm atá air. Níl ag seasadh den caisleán anois ach a mbinn. Deirtear gur faoi binn an caisléan atá an t-ór i bhfolach. Deirtear gur fataigh a bí in a gcomhnuithe sa gcaisleán fadó agus an méid ór a ghoid siad gur chuir siad i bfolach faoi an gcaisleáin é. Deirtear go bhfuil cat draíodeachta sa chumdhach. Deirtear fresin nach ntuitfidh binn an caisleáin go marbóchaid pé trí duine de muinntír Murchada faoi. Deirtear gur annsin a imthigheas an draoideacht de'n chat. Nuair atá na daoine marbh faoi, tiocfaidh na daoine eile ghá toruigheacht, beidh an draoiteacht imtighthe de'n chat agus deirtear gur annsin a gheobhaidh na daoine an t-or.
2. Tá áit eile tuairim is leath-mhíle ó'n gcaisleán ar a dtugtar Cathair na bhFhinneóga. Bhí gaol idir an dhá muinntear. Fataigh a bhí in a gcomhnuidhe sa gCathair freisin. Creacadóirí a bhí ionnta freisin agus an méid ór a ghoid siad gur chuir siad i bhfolach é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhaoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. Galway