School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)

Location:
Townparks, Co. Galway
Teacher:
P.S. Ó Neachtain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Page 0121
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”
  4. XML “Scéalta Crábhaidh”
  5. XML “Scéalta Crábhaidh - An Crosghob”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Muire Máthair agus Naomh Sheosamh ag teicheadh ó'n Aigipt le Íosa do thug fir oibre a bhí ag cur síl bíadh agus cabhair dhóibh. D'fhás an síol láithreach agus d'aibidh agus thosuigh na fir oibre a' bhaint lá ar na bháireach. Tháinig saighdiúirí Herod chuca ag cuardach do' truir.
    Dubhairt na fir oibre le fírinne gur gabh a leithid do thruir an t-slighe an lá bhí an barra a chur aca. Cheap na saighdiúirí annsin gur raithe roimis sin é agus nar'bh iad na triur céart iad. Bhíodar ar tí iompadh abhaile arís nuair a labhair an Dearg-Daol ó'n bhféar do ghlór lag. "Indhe, Indhe", ars' sé; thuig na saighdiúirí chionnus do thárla agus leanadar ortha sa thóir. "Ní maith le éinne an Dearg-Daol ó shin amach".
    An Cros-Ghob.
    Chéas na Giúdaigh Íosa Críost ar Aoine Chéasta. Nuair a bhí ár tSlánuightheóir táirnighthe ar an gcroich d'imthigh siad abhaile. D'fhág siad an croc in a sheasamh agus Íosa céasta uirrí. Tháinig an t-éan agus bhí aige le rádh dhó;- "Saorfaidh mé thú, a Íosa." Bhí truaigh mór aige dhó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal ó bhean Uí Dubhghaill, ‘naois 39,
    Na Duganna,
    Gaillimh.
    Scéalta Crábhaidh:-
    Nuair a bhí Muire Máthair agus Naomh Sheosamh ag teitheadh ón Aigipt le Íosa do thug fir oibre a bhí ag cur síl bíadh agus cabhair dóibh. D’fhás an síol láithreach agus d’aibidh agus thosaigh na fir oibre a’bhaint lá ar na bháireach. Tháinig saighdiúirí Herod chuca ag cuardach do’ triur.
    Dubhairt na fir oibre le fírinne gur gabh a leithéid do thriur an t-slithe an lá bhí an barra a chur aca. Cheap na saighdiúirí annsin raithe roimis sin é agus nar’bh iad an triur céart iad. Bhíodar ar tí iompadh abhaile arís nuair a labhair an Dearg-Daol ó’n bhféar do ghlór lag, “Indhe, Indhe!” arsa sé; thug na saighdiúirí chionnas do tharla agus leanadar ortha sa thóir. “Ní maith le éinne an Dearg-Daol ó shin amach”.
    An Cros-Ghob.
    Chéas na Giúdaigh Íosa Críost ar Aoine Chéasta. Nuair a bhí ár Slánuightheóir táirnighthe ar an gcoich d’im – thuigh said abhaile. D’fhág said an croc in a sheasamh agus Íosa céasta uirrí. Tháinig an t-éan agus bhí aige le rádh dhó – “Saorfaidh mé thú, a Íosa.” Bhí truaigh mór aige dhó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig O Dubhghaill
    Gender
    Male