School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá trí ceardcha san pharróiste seo fé láthair. Seo h-iad na muintir a bhfuil ceann aca:- O'Ghríobhtha, O'Bheadhtaidhe, agus tá Ghríobhtha mar ainm ar gabhann eile freisin. Dar le daoine agus mar a chuimhin liom is dócha go raibh a mhuintir róimpe 'na ngaibhne.
Tá an céad ceann in-aice-le'n "Gata Mór Uachtarach"; ceann eile in-aice le Bóthar an Ráibhín, agus an ceann eile in-aice le Bóthar an Óstáir. Ní ceann tuighe a bhíonn ar an gceardchan acht ceann "felt" is adhmad. Bíonn siad án-chóntabhartach nuair a bhríseann dóightéan mór amach. Bíonn doras an-leathan ag an ngabhann agus bíonn sé osgailte i gcomhnuidhe.
Bíonn ceann teallaigh amháin go híondaúil ins an gceardchan. Bíonn builg déanta d'adhmuid is leathair ag an ngabha ag obair. Ní dhéintear iad seo ann acht déisightear iad ann.
Seo líosta dhe'na h-úirlisí a bhíonn aige i n-imtheacht a chuid oibre:- builg, inneóin, ord, tairnghí chapaill, crúdh-chapaill, tluagha, sgían réamhráidhe, is sgríobadáir agus casúr. Bíonn fáilte roimh gach aoinne a thagann isteach ann.
Cuireann an gabha cruidhthe fé capallaigh agus asailibh acht ní chuireann sé cruidhthe fé bhuaibh. Déineann an gabha úirlísí mar seo:- céachtaí, brácaí, ramhainín, sluaiste, pící, agus tuaghann. Bíonn a chuid oibre leagtha amach aige go chruaidh nuair a bhíonn sé 'ghá ndéanamh.(continues on next page)- Collector
- Pádhraig O Dubhghaill
- Gender
- Male
- Informant
- Bean Uí Dubhghaill
- Gender
- Female
- Age
- 39
- Address
- New Docks, Co. Galway