School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)

Location:
Newtownsmith, Co. Galway
Teacher:
Sr M. Colmán
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
  2. XML Page 0003
  3. XML “Éadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar ócáidí speisialta. Dá mbeadh beirt a'dul a'pósadh chathfeadh siad éadaigh speisialta. Bíonn sgiortaí dubh-ghorma ar chuid de na mná, cinn donna ar chuid eile aca, de réir mar a thaithneochadh leo. Bíonn cultacha dubha, cinn donna, cinn ghorma, agus dathanna mar iad ar na fir. Bíonn hataí ar chuid de na fir, caipíní ar chuid eile aca, agus bíonn seáltaí ar na mná.
    Fadó nuai bhiodh beirt a'dul a'pósadh, caitheadh an fear brísté glúnach, casóg-sgiorta agus hata árd, agus chaitheadh an bhean sgiorta dugh-ghorm agus seál breac. Má bhíonn féasta anois indhiadh na bainfheise caitheann gach duie an t-éadach is fearr a bhíos aca. Bíonn áthas an domhain ar chuild dhuine agus maidir leis an lánamhn ní bhíonn cinn ar bith leó sin, elis an áthas agus an leithead a bíos orra. Ceapann siad nach mbeadh lá eile le maireachtáil aca, ach ní milleán orra é, mar ní bhíonn mórán eile laethanta aca mar an lá sin aca.
    Ach bíonn a mhalairt de sgéal aca lá sochraide. Bíonn seáltaí dubha ar na mná agus ar chuid de na fir. Bíonn cultacha dubha. Caitheann siad iad sin le cómh-bhrón a dhéanadh le gaoltaí an duine mhairbh.
    Bíonn culaith le h-aghaidh an Dómhnaigh i's culaith le h-aghaidh an luain ag na daoine anois. Gach Dómhnach caitheann na fir cultatha dubha, cinn donna, nó cinn gorma. Caitheann na sean-mhná sgiortaí dubh-ghorma, agus seálta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Informant
    Stiophán Ó Briain
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway