School: Beárna Dhearg (B) (roll number 14633)
- Location:
- Barnaderg, Co. Galway
- Teacher: Flaithrí Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Teach Margaidh/ Lár an baile beag seo. Tá fothrach tighe margaih i lár na cearnóige sa bhaile beag seo. Céad bliadhain o shin le aimsear na ganntanais mhóir bhíodh margadh ann gach mí. Bhíodh gach rud a bhí fágtha ar na daonibh díolta ann. bagún salann, mairthfheoil salann, olannn; brád, linéadach, im, cáise, mbeacha garra, éadach, bairlíníí, plaincéidí, gach saghas uirlisí le h-aghaidh na feilime, coirce, eona, lín, seagal, faraí, géir, agus coinneil gheire. Bhí a lán fígheadóirí i na gcomhnuidhe sa baile beag, bhí cúipéir, siúnéir agus tatibhne ann freisin. Bhí muileann éadaigh ag muileann plúir sa pharóiste freisin bhí muileann líne agus muileann olna i gcaisleán na muileann cúpla míle as seo agus tá fothrach na muilinn le feiceál ann fós ar an abhaill Grange.Uair nuair a bhí an muilimóir - Ambose Deane ag dul go blá Cliath leis an aigeadh do bhuail sé isteach ar cuaid sa Brúnach - tighearna talmham a bhí in a gcomnuidhe Moín. Do marbhuigeadh Ambrose annsin agus ní raibh tasg ná tuairisg le fághail.(continues on next page)
- Collector
- Flaithrí Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir