Uair amháin bí cláiríneach ag dul thart ar thóir déirce. Ní raibh sé in an siubhal agus b'éigin dó mhuintir an tighe seo é a iompar go dtí an chéad teach eile. Thárla sé go raibh beirt bhuachaill ghá iompar treasna na páirce agus do rith an tarbh in a ndiadh. D'fhág siad síos an barra agus do rith siad go dtí claidhe árd a bí ar thaobh na páirce. Nuair a chonnaich an cláiríneach an tarbh ag teacht do rith sé agus bí se ag an gclaidhe rómpa agus as sin amach b'éigin dhó siubhail.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »