Bhí fear ann fadó agus bhí cruit air. Chuaidh sé ar an aonach go Tuaim agus dhíol sé bó. D'ól sé uisge beatha ar an mbaile mór nuair a bhí an bó díolta aige. Nuair a bí sé ag teacht abhaile bí sé ar mesice. Nuair tháinig sé in aice le cnoc Máighe ar a bhealach abhaile chonnaic sé solas ins an gcnoc agus druid sé in aice leis. Chuala sé na sidheóga a canadh agus ag damhsadh agus an port a bí acu " Dia Luain,Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt." Bhí guth maith aige.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »