Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0323
- XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh Murchadh beag agus Murchadh mór amach ag baint sméar dubh lá amháin. An méid a bhain Murchadh mór thug sé do Mhurchadh beag iad le cur i dtaisge dhó. Nuair a bhí a chuid fhéin ar fad bainte ag Murchadh mór tháinig sé go drí Murchadh beag leis an méid a thug sé dhó d'fághail ar ais uaidh. "Tá siad ar fad Ithe agam," arsa Murchadh beag. "Má tá" adeir Murchadh mór "buailfidh mé thú" Chuaidh Murchadh mór isteach san gcoill annsin le slat a bhaint. "Céard atá uait," adeir an tslat. "Tá slat a bhualfeas Murchadh beag mar d'ith sé mo chuid sméar. "Ní rachaidh mise leat," adeir an tslat "go bhfaghaidh tú sgian a bhainfeas mé." Cuaidh Murchadh mór le sgian d'fághail "Cá bhfuil tú ag dul" adeir an sgian. "Tá sgian uaim a bhainfeas slat, slat a bhuailfeas Murchadh beag mar d'ith sé mo chuid sméar." "Ní rachaidh mise leat" adeir an sgian "go bhfághaidh tú cloch a ghéaróchas mé." Chuaidh Murchadh Mór leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ghiollarnáith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Ghiollarnáith
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. Galway