School: An Mhainistir, Carrabeg

Location:
Carrowbeg, Co. Galway
Teacher:
An Br. Coinleith Ó Mainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0025, Page 0230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0025, Page 0230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhainistir, Carrabeg
  2. XML Page 0230
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cúig gort ag m'athair agus seo íad na
    h-ainmneacha atá ortha:- Gort Fleartaigh tugadh an t-ainm sin air mar fear darb ainm Fleartaigh a bhí ina chómhnuidhe ann fadó. Gort Baoi, tugadh an t-ainm sin air mar bíonn sé ag féachaint go baoi i gcómhnaí. Goirtín an chapaill, sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin air mar sí an chapall a bhíodh ann beagnach an tamall ar fad. Goirtín an coirnéal, sin an fáth ar cuireadh an t-ainm sin air mar tá sé suidhte ar coirnéal an bhóthair. Garraidh mór, mar tá sé go fada agus go leathan.
    Tá cúpla cnuc ar thalamh m'athairse:- Cnoc mór, mar tá sé sáthach mór. Cnuc Mhaitchíos , tugadh an t-ainm sin air , mar bhí fear ina chómhnuidhe ann agus Maitchíos an t-ainm a bhí air.
    Tá bóithrín an freisin, bóithrín cúng mar níl sé leathan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Na Coitiantaí, Co. Galway
    Collector
    Máirtín Ó Scolaighe
    Gender
    Male
    Address
    Na Coitiantaí, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Scolaighe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Na Coitiantaí, Co. Galway