School: An Mhainistir, Carrabeg
- Location:
- Carrowbeg, Co. Galway
- Teacher: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Núair a bhíonn na fáinleóga ag imtheacht go h-árd sin comhartha ar aimsir mhaith, agus núair a bhíonn síad ag imtheacht go h-íseal sin comhartha báistighe. Núair a bhíonn go leór faoileán bailighthe lé chéile i n-aon gort amháin sin comhartha droch aimsire. Núair a bhíonn a dhruim leis an teinidh ag an gcat sin comhartha báistighe. Núair a bhíonn go leór míoltógaí amuigh sin droch chomhartha agus núair nach mbíonn sin comhartha maith. Núair a bhíonn an capall ag tuiteam ins chodhladh sin comhartha báistighe. Núair a bhíonn an cat ag sgríobadh píosa adhmaid sin comhartha aimsear garbh. Núair a bhíonn mada ag ithe féir sin comhartha báistighe. Núair a bhíonn an gaoth-aduaith ann sin comhartha sneachta. Núair a bhíonn an ghealach go glan sin comhartha ar aimsir mhaith, agus núair a bhíonn fáinne thart timcheall uirrthi sin comhartha báistíghe . Núair a bhíonn an ghrian sort báidhte agus í ag dul faoí sin comhartha báistighe.(continues on next page)
- Collector
- Máirtín Ó Scolaighe
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Scolaighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway