School: An Mhainistir, Carrabeg
- Location:
- Carrowbeg, Co. Galway
- Teacher: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sean-caisleán ar bruach Loch Coirrib i mbaile an Dubh. Deireann na sean-daoine go bhfuil cisde óir i bhfolach faoí an doras ann. Bhí fear barramhail san áit agus núair a chuala sé an sgéal sin, níor stop sé go ndeachaidh sé san oidhche go dtí an caisleán. Thosuigh sé air a' déanamh poll ar an urlár faoí an mballa ar torraigeacht an óir.
Bhí sé timcheall dhá úair ag obair agus bhí poll mór doamhin déanta aige núair a chúala sé ceol binn. A leithéad nár chúala sé aríamh. Stad sé de'n obair agus shuidhe sé síos ag éisteacht leis. Ar an bpoinnte boise chuala sé torran mór agus thainigh faitchíos air agus chúaidh sé abhaile.
An oidhche dár gcionn fúair sé tuilleadh misnighe agus chuaidh sé ann arís. Fúair sé amach go raibh an poll a bhí déanta an oidhche roimhe sin clúduighthe isteach arís agus féar glas ag fas ann. Thosuigh(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Feodhabhra
- Gender
- Male
- Address
- Bunatober, Co. Galway
- Informant
- Tómás Ó Feodhabhra
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Bunatober, Co. Galway