Ins an áit seo, séard a déantar lá 'Le Stiopháin .i. téigheann na buachaillí thart ó theach go teach agus bíonn dreóilín aca síos i mbosca agus bíonn siad ag déanamh amhrán. Ag bailiú airgead a bhíonn siad. Téigheann brídeóga thart freisin agus bíonn féasóga orra. Ag rothaireacht a bhíonn siad-san. Nuair a téigheann siad isteach ins na tighthe tosuigheann siad ag damhsa agus tugann muinntear an tighe airgead dóibh agus imthigheann siad leis sin. Caitheann na daoine seamróg ina gcótaí lá
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »