Ta mé in mo chómhnuidhe i gCorr-bhaile. Tá Corr-bhaile i bparáiste Corad Finne, agus tá Coradh Finne i mbaruntacht an Chlair. Tá teach is fiche ann. Cinne slinne atá ar seacht gcinn déag aca, agus cinn tuighe ar cheithre cinn aca. San am fadó ní raibh acht corr-theach ann agus b'shin é an fáth gur tugadh Corr-bhaile mar ainm ar an áit. Tá seachtmhar sean daoine ina gcómhnuidhe ann, agus tá togha na gaedhilge aca agus tá cuid aca in ann sgéalta breághtha d'innsint. Seo iad a
(continues on next page)