Ins an sean-tráthanna ní raibh coinnle ná lampaí go flúirseach ag na daoine mar atá siad anois. Sé seo an rud a bhí aca le solus a thabhairt dóibh istigh ins na tighthe agus nuair a bhíodh siad ag dul amach go dtí na páirceanna.i. gheibheadh siad fód móna agus ghearradh siad poll ann. Annsin dóirtfeadh siad ola isteach ins an bpoll sin agus lasadh siad é. Mhairfeadh an solus seo tuairim is uair a chluig nó mar sin agus bhéadh solsa maith ann. Uimhir 2
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »