Tuairim is a sé nó a seacht de bhliadhanta ó shoin , bhí sé ag déanamh teintrighe agus do mharbhuigh sé trí nó ceithre caora. An lá céadna chuaidh fear go coill ag geárradh crainnte. Thosuigh sé ag déanamh teintrighe go h-an trom ar fad. Nuair a bhí sé ag geárradh dhoigh an teintrighe é acht níor mharbhuigh sé an fear. Ar an lá sin freisin bhí cailín ag rádh phaidrín pháirteach in aice leis an doras agus mharbhuigh an teintreach í.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »