Tuairim is céad bliadhain ó shoin thárla timpíst in Anach Cuan. Do bhí daoine ag dul i sean-bhád go Gaillimh agus bhí caoirigh agus ollann agus a lán rudaí eile aca. Nuair a bhí siad ag dul ann do chuir caora a cos tré tóin an bháid agus chonnaic fear a bhí ins an mbád é. Bhain se a chóta mór de agus chuir sé ar an bpoll é ach in ionad an poll do stopadh séard a rinne sé an clár a thiomáint as an mbád ar fad. Bhí aon duine is triocha ann agus báitheadh naoi nduine dhéag aca,
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »