School: Corr an Droma

Location:
Corrandrum, Co. Galway
Teacher:
Breandán Ó Míodhcháin

Filter stories

Back
/ 0721 Forward
Resolution: Low | High
Toibreacha Beannaithe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0651

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Níl toibreacha beannuithe sa gceanntar seo. Tá dhá cheann í gCill gCathail. Tobar Bhríghid agus Tobar a'Truim a tugtar orra. Tá tobar Brighid cúpla céad slat ó'n sgoil seo. Dúnadh é in aimsir Chromail agus bhí sé ráidhte aon fhear a thosóchadh ag osgladh an tobar sin go mbeadh a cheann iompuighthe siar ar maidin. Rinne saighdiúr Chromail é sin agus bhí a cheann iompuighthe siar ar maidin ach in a dhiaidh sin mhair sé tuairim is fiche bliadhain. Tá sé ráidhte suas go dtí an lá indiu go bhfuil rudai saidbhre síos ann. Tugtar Tobar a' Truim ar an gceann eile

(continues on next page)
Collector
Sorcha Ní Chuain
Gender
female
Address
Kilgill, Co. Galway
Informant
Máirtín Ó Chuain
Gender
male
Age
47
Address
Kilgill, Co. Galway
Language
Irish