Siad seo cuid de na galraigh a thaganns ar daoine anois agus arís:- Cleithín, Truich, Bruitíneach, faobhras agus craplaigh. Sé seo an sórt leigheas a bhíodh ag na daoine ar cléithín :- Gheibheadh siad gloinne leann píosa coinnle agus pighinn. Lasadh siad an choinneal, chuireadh siad ar an bpighinn é, agus leagadh siad ar a ucht é. Annsin líonfaí an gloinne d'aer agus leagadh siad annsin é ar feadh uair nó mar sin, agus bheadh an cléitín leisighthe annsin. Dá mbeadh fear ag árdú aon rud trom gheobhadh sé an cléitín arís. Seo é an leigheas a bhíodh aca ar triuch:- craiceann
(continues on next page)