San am fadó nuair a bheadh na daoine óga a' pósadh ní raibh aon gluaisteán ann san am sin. Sé an caoi a rachadh siad ag an séipéal ar an gcúlóig, an fear agus an bhean ag marcaidheact air, an bean taobh thiar d'en bhfear. Nuair a bheadh siad pósta annsin rachadh siad ar an gcúlóg arís agus abhaile leo. Bheadh go leor daoine eile ar chapaill diallaidh agus gach duine aca ag coimhlint cé bheadh abhaile í dtosach agus bheadh teine cnáibhe déanta ar chuile cros-bhóthar agus chuile áit rompa. Nuair a thiocfadh an lanamhain nua abhaile rachadh siad síos in a dhá
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »