Do thárla timpíst mór í Loch Corrib sa mbliadhain aon mhíle ocht gcéad, fiche ocht. Bhí daoine as Anach Cuan ag dul go Gaillimh lé caoirigh a dhíol ann. Bhí duine is triocha sa mbád ar fad agus bhí caorigh ann freisin. Sean-bhád a bhí aca agus bhí sé an lag agus an tádhmaid a bhí ann bhí sé leath lobhtha. Nuair a bhí siad tamall amuigh ins an loch thosuigh ceann de na caorigh ag léimrigh agus chuir sí a cos tré thóin an bháid agus thosuigh and tuisge ag teacht isteach. Nuair a chonnaic fear amháin é sin, bhain sé a chóta dhe agus chuir sé ar an
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »