Uimhir 1 Chuala mé ó m'athair go bhfaca sé na daoine ag deanamh coinnlí fadó as geir chaorach agus fídheóga a bhainfeadh siad ar an bportach. Leaghfeadh siad an geir ar slighe. Thóigfeadh siad aníos annsin é go bhfúairfeadh sé. Bhéarfadh siad ar na fídheóga agus bhéadh siad ag tarraingt siar 's aniar é go mbeadh se chomh reamhar le coinneal. Caithfidís da cheann déag do dhéanamh oidhche an dómhadh lá dhéag. Lasfadh siad annsin iad núair a bheadh siad ag rádh an phaidrín. Dhóghfadh siad annsin iad núair a bheadh
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »