Bhí fear darbh ainm Tomás Ó Cheallaigh in a chómhnuidhe in Ath-Cloigin. Ní raibh éinne sa teach ach é féin. Bhí an teach líonnta le tuighe agus coirce aige. Glac sé teine, dóigheadh an teach agus é fhéin istigh ann. Maidin lár na bhárach fuair na daoine é le píce agus le sluasaidh agus an cuid is mó dó dóighthe. Chuaidh siad go Gaillimh le h-aghaidh conra { go dtí gur } agus cuireadh é. Chuir siad isteach ins an gconra agus cuireadh í gCregg é. Tamall in a dhiaidh sin chuaidh na daoine isteach agus fuair siad nótaí, airgid agus ór ann. Beannacht Dé le na anam.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »