Tuairim is sé bliadhna déag ó shoin tháinig triúr fear ó Baile Cláir mar bhí Andrú Ó Chuinn, Máirtín Ó Clancí, agus Máirtín O Fathaigh ag dul siar go h-Anach Cuain í gconne poitín. Bhí capall agus cárr aca. Chaith siad an Domhnach ins na dtíghthe ósta go dtí gur chuir siad amach iad. D'imthigh siad suas bóthar an Churraigh Mhóir. Sin e an uair a bhí an droichead briste. Chuala na "Finneadha" iad ag sinim ceóil go dtí gur tháinig siad go dtí an droichead. Níor cloiseadh uaidh sin amach iad. Maidin lár na bháireach chonnaic siad an
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »