Do thárla timpist mór amach i loch Corribh san mbliadhain 1828. Bhí aon duine déag is fiche san mbád ar fad. Bhí siad dul go h-aonach na Gaillimhe le chaoirigh. Bhí an bád sean agus bhí cláir lobhtha ann agus chuir caora a chos tré thóin an bháid. Nuair a chonnaic Tomás Ó Cathain (?) é sin bhain sé a chóta dó agus bhrúgh sé é san bpoll é. Chuir sé an clár ar fad síos agus thosuigh an t-uisge ag teacht isteach ar an nóiméid. Chuaidh an bád síos annsin agus scaipeadh na caoirigh agus na daoine anonn is anall. Báitheadh naoí nduine
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »