School: Corr an Droma

Location:
Corrandrum, Co. Galway
Teacher:
Breandán Ó Míodhcháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0269

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0269

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corr an Droma
  2. XML Page 0269
  3. XML “An Bhean a Bhíodh ag Sníomh Deireanach san Oíche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-bhean ann fadó agus do bhíodh sí ag obair i gcómhnuidhe. Oidhche Sathairn amháin do bhí sí ag sníomh go deireannach san oidhche agus cia bhuailfeadh isteach chúichi acht sean-chailleach a raibh dá adharc uirthi chómh mór le h-adharcaibh tairbh. Do shuidh sí síos agus d'fiafruigh sí de bhean an tighe an raibh péire cárdaidhe aici agus dtiubhradh sí congnamh dí. "Níl ars' an bhean" "Ní raibh mise riamh gan mo ghléas oibre féin" ars' an sean chailleach agus do tharraing sí péire cárdáil amach as a pócha, agus do thosuigh sí ag cárdáil. Níor bhfada do bhí sí ag cárdáil go dtáinig cailleach eile isteach agus péire adharc uirri mar an gcéadhna. Do shuidh sí síos agus dubhairt dí dá mbeadh péire túrna aici. "Níl aon túrna agam ars' an bhean." "Ní raibh mise riamh gan mo ghléas oibre féin ars' an chailleach. Leis sin do tharraing sí amach túrna beag agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Fhathaigh
    Gender
    Female
    Age
    76
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Baile Chláir, Co. Galway