School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0245
- XML “Seán an Cráiteachán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear ann fadó dar b'ainm Seán. Ba é a mhian a bheith níos saidhbhre ná duine ar bith dá chómhursanaibh. D'fhág a athair agus a mháthair saidhbhreas mór aige, ór agus airgead, ba, caoirigh agus capaill. Ní phósfad sé inghean chomhursan ar bith, muna bhfuigheadh sé bean nach n-íosfadh greim ar bith, agus bhí sé ag seargadh le aois, mar bíodh sé ag tabhairt caill agus riachtanais dó féin i ndhíoghbháil bidh agus éadaigh. Bhí cailín ann a bhí measamhail, spórtamhail, a raibh fhios aici le greann a labhairt agus a dhéanamh acht nach raibh aon phighinn spré aici lé fághail. Dubhairt sí le Seán "is mise a d'óirfeadh dhuit mar níor ith mé ghreim bídh ariamh agus ní iósfad chomh fhad is mhairfead mé beo. Goide mhéad saidhbhreas a bheadh againn dá mbheimís pósta agus ag cur le chéile ghá chruinnuighadh." Chlaon Seán agus dubhairt sé "A Shorcha, réidhtigh thú féin i mhhárach agus teighmís go teach an tsagairt agus beidh an margadh déanta.(continues on next page)
- Informant
- Micheál Sgiréud
- Gender
- Male
- Age
- 39
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilgill, Co. Galway