School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0102
- XML “Siopaí na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eogainín an Ceannuidhe
Bhíodh tairní bróg agus barraoilechaí bróg, snáthaid, scáine snaithe, claibíní píopa agus studa.
Nell Nialáin
Bhí sí ina comnuidhe i mboirín Gaineamh i lisín Fhuaráin. Bhíodh sí ag díol Conversation Lozengers té siucre. Bhí sí indhon ualach mór a thabhairt as Gaillim agus a díol té agus siucre in dá onsaí. "Sweets 7 per 1/2d". Bhí go leór airgead aice (soveriegns) ceangailte thart ar a sgórnach i máilín beag. Bhí neacht aige agus deireadh sí le Nell , "Céard tá annsin agat a Nell" i mBearla agus dfreagróch Nell: "Them's medels and mind ye'r own bisheness"
Bhíodh chuile nuaideacht aice agus sgealta a bhí dhá céad bliain imtighthe. Bhí an thóir ar ceol aice agus théigheadh sí síos go M? Scott bhíodh bhóilín aige.Ce'n port a bhí dhá seinm aige a deireadh duine leithe "Panaí Rining Rinos" a deireadh sí. Ba í an tamranaidhe a b'fhearr san áit í. Bhí sí ag caiteamh dúidín (píopa cré) Ag ceannacht uibheachaí a bhíodh agus ag deanamh beagán braibeach ortha.(continues on next page)- Collector
- Padraig Ó Coinceanainn
- Gender
- Male
- Informant
- Micheál Ó Coinceanainn
- Gender
- Male