School: Anach Cuain

Location:
Eanach Dhúin, Co. Galway
Teacher:
R. S. Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0089

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0089

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Anach Cuain
  2. XML Page 0089
  3. XML “Na Seanphósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Sean Pósaithe
    Dá mbeadh fear ag dul a pósadh d’innseóchadh sé dhá cara cailín eicínt a fágháil dhó. Gheobhádh sé buidheal “fuisgigh”. Annsin tuibhrodh sé dá cara é. Rachadh an cara agus fear eile go dtí an teach a mbeadh an cailín ag fanacht. Bheadh an fear agus athair an chailín ag cainnt ar an sórt áit a bhí ag an fear a bheadh ag dul a pósadh. Dá mbeadh athair an cailín sásta leis an méid talamh agus stuic a bhí aige pósadh an bheirt acu annsin. Nuair a bheadh siad ag dul a pósadh fadó capaill a bhíodh acu ag an bainfheis. Nuair a bheadh siad ag teacht abhaile bhíodh rás acu leis na capaill agus an duine ba thúisge a sroiceadh an teach ba ag an fear sin a bheadh an capall a b’fearr. Nuair a bhíodh siad ag teacht abaile is abhaile, leis an gréin a thagaidís. Nuair a bheadh an lánamhain ag teacht abhaile lasfadh na daoine punainn tuighe in onóir dóibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraig Ó Coincheanainn
    Gender
    Male
    Informant
    Micheál Ó Coinceanainn
    Gender
    Male