School: Anach Cuain

Location:
Eanach Dhúin, Co. Galway
Teacher:
R. S. Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0071

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0071

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Anach Cuain
  2. XML Page 0071
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá trí toibreacha beannuighthe in Eanach Cúain agus dá cheann i gCloon Bhúaidh. Tá Cluáin Buaidh i mbaile fearainn Ceathramh Caisleán, Tobhair Chormaic, Tobhair Bhraonán agus Tobhair Bríghe a tugtar ar na cinn in Eanach Cúain.

    Tobhair Chormaich iseadh an príomh ceann. Tá sé suidhte ar bhruach na locha agus tá fáinne sgeacha thart timcheall air. An sgeach geal atá ann. Taobh thíar don tobhair tá cloch mór ann agus tá rían glúain Cormaich ann.
    In a dhíaidh Naomh Cormach atá sé glaoite. Níl fíos céarb é ach táthar ag déanamh amach gur braithre a dfág an mainistir in Eanach Cúain a bhí ann.

    In a dhíadh Naomh Braonán atá an tobhair eile glaoite. Bhí sean-bhalla thart ar fadó ach tá sé leaghtha anois. Níl tobhair Braonán chomh tábhachtaighe le Tobair Cormhaich.
    Déanann na daoine thart timcheall na h-áite seo stáisúin ag Tobhair Cormaich gach blíain ón cuigheadh lá déag do Lúghnasa go dtí an t-óchtmhadh lá do Méadhan Fógmhair. Teidhteart ann trí uaire. Teidhtear ann lá ar bith idir na dátaí úd. Teidhtear ann le h-aghaidh leigheasanna nó le rud a cáill siad.
    Seo íad na paidreacha a deirtear ann. Ar dtús
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish