School: Anach Cuain

Location:
Eanach Dhúin, Co. Galway
Teacher:
R. S. Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0058

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0058

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Anach Cuain
  2. XML Page 0058
  3. XML “Leigheasanna in Eanach Cuain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1 Greim mhadaidh: píosa den fhionnadh a chur leis an ngoin Dá mbeadh se go dona an madadh a mharbhú.
    2 (a) An Treoch: Tá leigheas ar seo ag fear ag marcuigheacht ar chapall bán. Lá dár iarr bean as baile na Gaoithe leigheas ar dhuine ar chapall bán seo mar thárla.
    " A fhir an chapaill bháin, bhfuil leigheas agar ar an Treoch?
    "Caislean an Craobhaighe do leagaint ar chloch!"
    (b) Dá bhfágadh fiéad bainne 'na dhiaidh is maith an leigheas é sin don treoch.
    (c) Bainne asail a thabhairt do pháiste leigheasfadh sé an galar céadna.
    3 Má gortuigheann táirgne nó rud mar é thú, is ceart é a dhoghadh mar leigheas ar an ngearradh.
    4 Faithní
    (a) "Uisge gan iarraidh." braon uisce a gheobhfá i bpoll cloiche a chur ar an bhfaithne.
    (b) An Seán Dubh, a chuimilt do'n bhfaithne a's é a chrochadh ar sgeich.
    (c) Sugh an chaisearbháin a chuimilt daobhtha.
    (d) Uisce a gheobhfá i bpoll cloiche san roilig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish