School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0054
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Feach aniar é ar rídh an linn. Seán Bhradan agus a chois tinn dha chois mhóra ag bun a thóine agus dhá súile ag teacht amach in a cheann ? (lom a ládaigh = (frog)
Céard a dhéanfadh níos mo torn ag geata na mhuch ? (Dá mhuich)Bhí sionnach, gé agus punann ag fear agus b'éigin leis an abhainn a threasnadh ach ní fheadfha se ach rud amhain a thabhairt leis gach bobhta. Ní fheadhfhad sé an gé agus an punann a fhagáil le chéile mar d'iosfhadh an gé an punann agus ní fhéadfhad sé an gé agus an sionnach a fhágail le chéile mar d'iosfhadh an sionnach an gé cén caoi ar threasnaidh se é. (Ar dtús thug sé an gé leis [?] agus núair a bhí an gé trasna thug sé an punann leis treasna agus thug sé an gé ar ais leis. Annsin thug sé an sionnach treasna agus annsin an gé.)Feach sa gclúaidh é agus céad súilí air ?. (Anbhruith)Bhí an t-athair an mháthair agus an bheirt mhach ag dhul treasna abhainn agus ní raibh ach aon bád(continues on next page)