School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bfad óshoin do mhair fear ar a dtughadh an gobán saor air. Bhí aon mach amhain aige agus bhí an bheirt acú go h-an mhaith ag déanamh tighte. Bhí an mach in aois a pósta agus ní raibh fhios ag an t-athair cén bean a bfuigheadh sé le h-aghaidh an mach.Fúair sé craiceann caora agus thug sé don mhach é. Dúbairt sé leis an craicheann a dhíol ag an aonach ach an craicheann agus a lúach a thabhairt abhaile chuige arís. Ní fhéadfhadh sé an craicheann a dhíol ach núair a bhí sé ag filleadh abhaile casadh bean áluinn leis agus díarr sé uirthe an craicheann a ceannacht. Bhain sí an lomra den craicheann agus thug sí an craicheann agus a lúach dhó. Núair a chúaidh sé abhaile dinnis sé dá athair faoí an bean a cheannuigh é. Dúbhairt an t-athair go bpósfadh an bhean a mhach agus do phós. Ní amhain go raibh sí áluinn ach bhí 'fios' aicí freisin.I gcionn tamaill chúaidh an gobán agus a mhach go Shasana. Ag lorg oibre a bhí síad(continues on next page)