School: Anach Cuain

Location:
Annaghdown, Co. Galway
Teacher:
R. S. Ó Conaill

Filter stories

Back
/ 0143 Forward
Resolution: Low | High
Gruagach Locha Fuair

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0026

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Gruagach Locha Fuair

Fadó, fadó bhí sean rígh ina chómhnuidhe i Sean Cúirt in aice le Corrandula. Cnocúbhair ab ainm dó bhí aon mac amháin aige. Nuair a bhí sé óg chuaidh sé ar sgoil go dtí an Frainnc. Le linn do beith ar sgoil cailleadh a athair agus a mháthair. Ní raibh aon cára age annsin. Chaith sé a airgead ar cartai's ar ól agus níor fhág sé pighinn dó fhéin. Tháinig sé abhaile annsin go Sean Cúirt agus bhí sé bocht cráidthe.
Bíodh sé ag strapadóireacht thart do déin. Suibhal sé suas chomh fada le locha Fuair lá. Bhí se ag feachaint amach ara an loch agus céard dfeicfeadh sé chuige ach bád mór agus trí seól air. Tháinig an bád chomh fada leis. Tháinig fear mór árt le gruaig fada fionn amach as. "Go mbeannuighidh Dia Dhuit a mic rígh Chonchubhair" adeir sé. "Go mbeannuighidh Dia's Muire duit" a duine uasal adeir Concúbhair. "a nimirfeá cluice cártai" adeir an gruagach. "Níl aon cartai agam a deir Choncubhair" ach "tá siad agamsa" adeir an fear eile agus isteach leis san mbád agus túg sé amach bórdh óir agus cártai airgid. Thosuigheadar ag imirt agus do gnothuigh Choncubhair an cluiche. "Abair aon rud atá ag taisteáil uait anois" adeir an gruagach agus tuibhraidh mise dhuit iad.
Déarfhaidh mé iad" adeir Concubair. "Nuair a racaidh mé soir go Sean-Cúirt go mbeidh mo stáblai lan

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhubhláine
Gender
female
Address
Coteenty, Co. Galway
Informant
Tomás Breathnach
Gender
male
Address
Coteenty, Co. Galway
Language
Irish