School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0025
- XML “Leacht na mBuachaillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leacht na mbuachaillí
Shoir ó dheas de Coitchianta tá áit ar a dtugtar "Leacht na mbuachaillí." Bhí leacht mór de chlocaibh ann fadó agus deirtear go mbíodh na buachaillí ina gcómhnuidhe faoi. Ar thaobh an leachta bhí poll mór agus dhéadfá dul síos ann. Bhí sórt 'tunnel' ann agus dféadfá dul síos an tunnel sin agus amach arís in áit eicint i dTona Mása.
Deirtear freisin go mbhíodh na sagairt ibfolach ann fadó nuair a bhí na péin dlighthe faoi réim sa tír. Bhíodh siad ag rádh Aifrinn faoi cheilt ann.
Bhí sean easbog ina chomhniudhe in aice le Tonamása agus bhí col-ceathar aige. Bhí an col ceathar sin reidh le bheith ina shagart. Bhí na coiscéim go léit tóighthe aige ach lá amháin déaluigh sé on Easbog agus chuaidh sé i bhfolach ins an tunnel. Coigthios in a dhiadh sin fuarathas é agus bhí sé marbh. Ní dheachaidh aon duine ann riamh ó shoin.
Tagann na buachaillí amach gach Óidthe Shamhna agus gach Oidhthe Nodlag agus leigeann siad trí gar gártha gaisge ar an leacht. Bíonn cluithe camóghaibh aca freisin.
Padraig Ó Dubhláine
Coitchianta- Collector
- Padraig Ó Dubhláine
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway