School: Anach Cuain

Location:
Eanach Dhúin, Co. Galway
Teacher:
R. S. Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Anach Cuain
  2. XML Page 0022
  3. XML “Boithrín Aindriú”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sean bóirín taobh síos do mo teach-sa ar a ghlaoidhtear Boirín Aindriú. Bhí sean fhear in a chómhnaí annsin i bhfad i bhfad ó shoin. Aindriú Ó Chosgaire ab ainm dó. Bhí aon mac óg aige dárbh ainm Bréndán. Bhí an fear sin agus fear dárbh ainm Micheál Ó Caomhánach ag troid. Do mharbhuigh Bréndán é. Chuir buachaillí na háite seo an ruaig air annsin. Chuaidh sé síos go Coillte Mágha i gCondae Muigheo agus bhíodh sé ag dul thart mar tinncéar ann.
    Tráthnóna amháin tháinig sé go dtí áit a raibh cruinniú mór. Chuaidh sé chomh fadó leo agus céard a bheadh ann ach daoine ag caitheadh cloch ag iarraidh fhághail amach cé atá a bhfearr. Thóg sé an cloch agus chaith sé níos fuide ná aon duine eile aca é.
    Chruinnigh siad go léir thart timcheall air agus d'fiarr siad air "cer bé". Dinnis sé a sgéal díobh ó tús go deire. Diompuigh siad air annsin agus mharbhuigh siad é. Chuala a mhathair annseo faoi agus bhí ann bhrón uirthi. Shiubhail sí síos go Condae Muigheo agus dosgail sí an uaigh. Bhain sí ceann den cholann agus dún sí an uaigh aríst.
    Thainig sí abhaile annsin agus leag sí an ceann ar cloch mór a bhí taobh shoir den bhóirin. Chaoin sí go deórach ás a cionn ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    2. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraig Ó Dubláine
    Gender
    Male
    Address
    Na Coitiantaí, Co. Galway