School: Anach Cuain

Location:
Eanach Dhúin, Co. Galway
Teacher:
R. S. Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Anach Cuain
  2. XML Page 0004
  3. XML “Coill Darmuid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an gceanntar seo tá coill ar a dtugtar Coill Darmuid. Ceann do na sean coillte iseadh é agus ar an ádhbhar sin tá sgéalta faoí.
    Ós rud é go raibh manaigh i n-Eanach Cuain fadó tá sgéal faoí na manaigh i sgéal Coill Darmuid freisin. Bhí manach diadha i na comhnuidhe i mainistear Eanagh Cuain agus lá amháin nuair a bhí sé ag guidhe go dian sa ngáirdín chuala sé an éinín is binne dár chualathas ariamh, ag canadh i ngar dé. Bhí an t-éinin ag canadh chomh binn sin gar chríochnuigh sé a pháidreacha agus chuaidh sé i na dhiaidh an
    éin. Tar éis sgathaimh dáirigh sé go raibh sé i lár an choill a bhí láimh leis an mainistir acht mar sin féin níor fhéadh sé stop. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc acht nuair díompaidh sé ar ais bhí an grian ag dul faoí. Bhí fhios aige annsin go mbeadh na manaigh míoshuaimhneach faoí. Ar filleadh ar ais dhó shíl sé go raibh an choill an-tiubh, níoss tiuibhe ná bhí sé ar maidin. Mar sin fhéin bhí sé ag cuimhne ar an éin aisteach i gcomhnuidhe. Ar theacht isteach san mainistir dhó tháinig iongnadh mór air nuair chonnaic sé go raibh gach rud athruighthe timcheall na h-áite ó'n maidin. Is annsin a chonnaic sé manach ag teacht chuige. Är thárla aon rud iongantach annseo ó maidin" adeir sé leis an stroinséir. Dúbhradh leis nár thárla. Dubhairt an sean manach leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Eanach Dhúin, Co. Galway
    Collector
    Líam Ó Caomhánach
    Gender
    Male
    Address
    Eanach Dhúin, Co. Galway